Seachtain na gaeilge – is breá go deo an rud é go bhfuil coicís againn chun an ghaeilge a cheiliúradh i mbliana.

Ceithre la déag leis on mbéim ar an theanga dhuchais na hÉireann; nach iontach an fhorbairt í seo ar an tSeachtain a bhíodh ann roimhe seo.

Is láidir an nasc atá ann idir an ghaeilge agus an tionscal talmhíochta. Sin mar a bhí, sin mar atá agus táimid dóchasach gur mar sin a  bheidh i gcónaí.

Stair na gaeilge

Scríobadh stair na gaeilge i gcuimhní cinn na bhfeirmeoirí a bhí ar an bhfód anseo fadó, fadó; maireann lorg na gcuimhní sin ar an talamh atá againn anois.

Agus leanan an dea-scéal ar aghaidh maidir leis an tionscal talmhíochta. Táimid ag teacht isteach i dtráth spesialta den bhliain anois.

Tá cosúlachtaí an earraigh ar an spéir. Ciallíonn sé sin go mbeidh feirmeoirí amuigh sna páirceanna ag obair go dian.

Agus tabhair faoi daire; beidh siad ag obair ‘le gcomhair na gaoithe’ maidir leis an dúlra, agus ní ina choinne.

Ach seo í an cheist – an bhfaigheann an pobal i gcoitinne an scéal seo go cruinn agus go fíreannach, no an bhfuil siad ag brath ar na scéaltaí claonta atá curhta amach ag na brúghrúpaí ar mhaithe leo scrios a dhéanamh ar talmhaíocht na hÉireann?   

I mo thuairim, tá ceartú ar an scéal claonta seo atá ag dul amach, ar an dualgas is mó atá roimh thionscal na talmhaíochta in Éirinn faoi láthair.