Tá an-áthas ar ghrúpa pobail, Sult na Sollán, féile deireadh seachtaine úrnua a thabhairt go dtí Na Solláin, i dTuaisceart Co. Chill Dara, Mí Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Beidh an fhéile, darb ainm Féile na Sollán nó Sallins TradFest, lán go béal le himeachtaí do gach aois ghrúpa, le ceiliúradh de teanga, ceol, rince agus amhráin traidisiúnta na hÉireann.

I measc buaicphointí na féile, beidh seisiúin ceoil, rogha ceardlanna dátheangacha le rince ar an sean nós, amhránaíocht, bodhrán agus ceol traidisiúnta chomh maith le ceolchoirm tráthnóna Dé Sathairn leis an ngrúpa aitheanta, The Jeremiahs. I measc na n-imeachtaí i nGaeilge beidh ealaíon & ceardaíocht do pháistí, bricfeasta as Gaeilge, seó draíochta don chlann ar fad, agus scéalaíocht do pháistí óga. Cuirfimid tús le comórtas tallainne úrnua do scoileanna, a thabharfaidh deis do pháistí áitiúla cur i láthair a dhéanamh ar son a scoil féin i gcomórtas amhránaíochta agus i gcomórtas ceoil traidisiúnta, chun an príomháit a bhaint amach agus Gradam na Sollán a thabhairt abhaile leo.

Beidh an fhéile ar siúl ón Aoine 18 Deireadh Fómhair go dtí an Domhnach 20 Deireadh Fómhair.

Caith súil ar www.feilenasollan.com le sonraí iomlán a fháil faoin deireadh seachtaine iontach seo.

Is grúpa pobail é Sult na Sollán bunaithe chun an Ghaeilge agus ceol & cultúr traidisiúnta na hÉireann a chur chun cinn sna Solláin. Bíonn cúpla seisiún ceoil againn gach mí, chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine fásta sa sráidbhaile. Bíonn bricfeasta as Gaeilge againn gach maidin Shathairn i Nás na Ríogh, dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu, agus …ó ham go ham, rithimid ceardlanna cultúrtha atá oiriúnach don chlann ar fad.